Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh

Fáilte | Cúrsaí Spóirt

Cúrsaí Spóirt

Nuachtlitir an tSamhraidh 2008

Peil na gCailíní

Ghlac Cailiní Rang 4-6 páirt i gCluichí Cumann na mBunscoil i mbliana. Thosaigh siad ag traenáil i Mí Dheireadh Fómhair. An chéad chluiche a bhí acu ná in aghaidh Claonadh. D'imir siad an cluiche seo i CLG Léim an Bhradáin. Cé gur imir na cailiní go maith agus rinne siad an-iarracht, bhí foireann Chlaonadh ró-láidir agus bhí an bua ag Claonadh.

An dara chluiche a bhí acu ná in aghaidh Maigh Nuad. Ba lá álainn grianmhar a bhí ann. Chuaigh siad amach ar an bpáirc agus d'imir siad an-chluiche. Tháinig cúpla sábháil iontach ó Alanna Nic Giolla Phádraig agus Caitríona Ní hAoife agus chuir Lauren Ní Cheallaigh cúilín iontach thar an dtrasnán. Lean na cailiní ar aghaidh leis an sár -iarracht ach ag deireadh an chluiche bhí an bua ag Maigh Nuad.

An triú chluiche a bhí acu ná in aghaidh an Choill, droch lá báisteí a bhí ann ach níor chuir sé seo isteach ar na cailiní. D'imir siad go múiníneach agus scóráil siad roinnt chúilín iontacha.

An cluiche deireanach a bhí acu ná in aghaidh Scoil San Carlo. Throid na cailiní go dtí an deireadh ach bhí an bua ag Scoil San Carlo. Ba mhaith leis an scoil a mbuíochais a ghabháil leis na cailiní ar fad a ghlac páirt i gCumann na mBunscoil. Maith sibh a chailiní.

Foireann peile na gcailiní

Caitríona Ní hAoife
Stiofáinín Ní Dhiolúin
Niamh Nic Fhloinn
Seána Ní Ghiolláin
Alanna Nic Giolla Phádraig
Eibhlin Ní Muirí
Teamhair Nic Neill
Cáit Ní Fhearraigh
Blinne Ní Chionnaith
Sionnáin Holbrook
Rachel Ní Dhiolúin
Hannah Ní Chléirigh
Aoibhinn Ní Rálaigh
Lára Ní Bhriain
Tori Ní Choimín Uí Chinnéide
Lauren Ní Cheallaigh,

Cúrsaí Peile na mBuachaillí

Bhí ár gcéad cluiche againn in aghaidh Cill Choca. Bhí Cill Choca an-láidir sa chéad leath. Rinneamar an-iarracht agus cé gur imir muid go maith go dtí an deireadh bhí an bua ag Cill Choca.

Sa dara chluiche bhíomar in aghaidh Rath Daingean. Thosaigh muid an cluiche an-mhaith agus d'éirigh linn dhá chúl agus 4 chúilín a fháil. Ag leath ama bhíomar chun tosaigh. Sa dara leath d'imíoramar go hiontach arís agus bhí an bua againn le 4 chúilín. An triú clhuiche a bhí againn, bhíomar in aghaidh St. Conleths ó Dhroichead Nua. Bhí cúpla imreoir in easnamh againn. Bhí foireann St. Conleths an-láidir agus cé go ndearna Scoil Uí Dhálaigh an-iarracht ní raibh an bua againn.

In ár gceathrú chluiche bhíomar in aghaidh Scoil San Carlo. Bhí an dá fhoireann an-chothrom agus ag leath am ní raibh ach 3 chúilín eadrainn. Tháinig sár imirt ó Finán sa dara leath le cúl gleoite agus cúilín iontach bhíomar chun tosaigh ach sa chúpla nóiméad dheireanacha tháinig 2 chúilín ó Scoil San Carlo. An cluiche deireanach a bhí againn na in aghaidh Chill Droichid. Bhí cúpla imreoir in easnamh arís ach rinnemar ár ndícheall go dtí an deireadh. Tháinig cúl iontach o Chonchúr Mac Fhearraigh. Rinnemar an-iarracht go dtí an deireadh ach bhí siad ró-láidir dúinn. Buíochas le Liam de Lóndrais agus le Pat Martin ár mbainisteoirí.

Le hEoin Ó Mairtín agus Finán Ó Ceallacháin

Cúrsaí Iománaíochta

Sa chéad chluiche i gCumann na mBunscol, d'imríomar in aghaidh Chaisleán Dhiarmaida. Bhí an-chluiche againn. Ceapaim gur scóráil beagnach gach duine. Bhí an bua againn sa chluiche seo. Sa dara chluiche bhíomar in aghaidh an Choill. Rinne gach duine sár-iarracht agus d'imríomar go hiontach. Arís bhí an bua againn. Sa triú chluiche d'imríomar in aghaidh Ath Í. Ba chluiche iontach é seo le himirt iontach ó gach duine. Cé go raibh an fhoireann eile an-láidir bhí an bua againn arís. Chuaimar ar aghaidh go dtí an craobh áit a bhuail muid leis an Choill. Bhí ár bhfoireann go hiontach ar fad agus bhuamar le 2 chúl 8 chúilín . Bhí an-áthas orainn an corn a thógáil abhaile linn. Ár mbuíochas le Dónál Mac an Bhaird an bainisteoir a bhí againn. Bhí sé ar fheabhas.
Le Cian Ó hIrile agus Dáire Ó Cathasaigh

Nuachtlitir na Cásca 2008

Cispheil

Tá cailiní agus buachaillí Rang a sé i mbun traenála cispheile ag am lón faoi láthair le Bean Uí Irile. Ghlac seisear cailiní ó Rang 6A páirt i mBlitz cispheile ar an 4ú Márta i gCill Chuilinn. Seo cúntas a scríobh beirt chailiní ó Rang 6A ar an lá iontach a bhí acu.

An Blitz Cispheile

Chuaigh seisear chailín ó Rang a 6A chuig Cill Chuilinn chun Blitz cispheile a imirt ar an 4ú lá Márta. Tháinig muid sa triú háit. Bhí muid an-bhrodúil asain féin. Leis an ócáid a chéiliúradh chuaigh muid go "McDonalds tar éis na gcluichí. Thaitin sé sin go mór leis na gcailiní. Bhí lá iontach againn. Is iad na cailiní a d'imir ná Niamh Nic Fhloinn, Lauren Ní Cheallaigh, Aedín Ní Chionnaith, Stiofáinín Ní Dhiolúin, Seána Ní Choileáin agus Tara Ní Néill.

Le Seána Ní Choileáin agus Tara Ní Néill Rang 6A

Peil na gCailíní

Tá traenáil peile na gCailiní ar siúl gach tráthnóna Luain do Chailiní Ranganna 4, 5 agus 6 ag an Múinteora Paula. Beidh cluichí a n-imirt acu iniadh briseadh na Cásca. Seo í an foireann peile:

Caitríona Ní hAoife
Stiofáinín Ní Dhiolúin
Niamh Nic Fhloinn
Seána Ní Ghiolláin
Alanna Nic Giolla Phádraig
Eibhlin Ní Muirí
Teamhair Nic Neill
Cáit Ní Fhearraigh
Niamh Ní Chatháin
Blinne Ní Chionnaith
Sionnáin Holbrook
Rachel Ní Dhiolúin
Hannah Ní Chléirigh
Aoibhinn Ní Rálaigh
Lára Ní Bhriain

Camógaíocht

Tá Cailiní Ranganna 4, 5 agus 6 i mbun traenála Camogaíochta le cúpla mí anois. Bíonn traenáil ar siúl ag am lón leis an Múinteoir Ciara. Beidh cluichí a n-imirt acu tar éis briseadh na Cásca.

Peil na mBuachaillí

Bíonn traenáil peile na mbuachaillí ar siúl gach tráthnóna Máirt le Liam de Londrais.

Iomanaíocht

Bíonn traenáil Iomanaíochta ar siúl gach tráthnóna Deardaoin le Dónal Mac an Bhaird.

Nuachtlitir an Nollag 2007

Cúrsaí Peile

D'imir an fhoireann peile faoi 11 trí chluiche i sraith Chumann na mBunscoil trí Mháirt as a chéile i rith Mí Méan Fómhair. Cé nach raibh an bua acu sna cluichí, d'imir na buachaillí thar cionn. Bhí scóranna maithe sna cluichí. D'imríodar ar a ndícheall agus bhaineadar taitneamh as an imirt.

Cúrsaí Iomanaíochta

Bhí cluiche cairdiúil ag an fhoireann iománaíochta in aghaidh Scoil San Carlo ar an 18/10/07. Bhí na buachaillí in ard fhoirm ar an lá agus bhuadar an cluiche go maith le 8 gcúl agus 2 chúilín in aghaidh 4 chúl agus 2 chúilín.

Peil na gCailíní

Tá traenáil Peile na gCailíní ar siúl gach tráthnóna Luain do chailiní Ranganna 4,5 agus 6 ag an Mhúinteora Paula.

Camógaíocht

Beidh cailiní ranganna 4,5 agus 6 ag dul i mbun traenála i ndiaidh na Nollag leisn an Múinteoir Ciara gach Céadaoin 2.30-3.30 ( Ach amháin Céadaoin Cruinniú Foirne)

Cispheil

Beidh buachaillí agus cailiní Rang 6 ag traenáil le Bn. Uí Irile ag am lóin i ndiaidh na Nollag.

Nuachtlitir an Fhómhair 2007

Cúrsaí Peile

D'imir an fhoireann peile faoi 11 trí chluiche i sraith Chumann na mBunscol trí Mháirt as a chéile i rith Mí Meán Fómhair. Cé nach raibh an bua acu sna cluichí, d'imir na buachaillí thar cionn, bhí scóranna maithe sa trí chluiche,d'imríodar ar a ndícheall agus bhaineadar taitneamh as an imirt.

Pictiúirí: Féach Gealaraí VIII

Cúrsaí iománaíochta

Bhí cluiche cairdiúil ag an fhoireann iománaíochta sinsir in aghaidh Scoil San Carlo ar an 18/10/07. Bhí na buachaillí in ard fhoirm ar an lá agus bhuadar an cluiche go maith le 8 gcúl agus 2 chúilín in aghaidh 4 chúl agus 2 chúilín.

Pictiúirí: Féach Gealaraí X

Nuachtlitir an tSamhraidh 2007

Cúrsaí Peile

Le Glyn Mac Cormaic (5B)

Scoil Uí Dhálaigh 1-2 Rath Daingean 1-8

Bhí ár gcéad cluiche againn tar éis briseadh na Cásca in aghaidh Rath Daingean. Bhí imirt iontach le féiceáil ó Scoil Uí Dhálaigh sa chéad leath le cúl agus cúilín iontach ó Conchúr Mac Fhearraigh agus Ceiteach Ó Máirtín. Sa dara leath tháinig imirt iontach ó Shane Ó Meadhra le cúilín eile. Cé go ndearnamar ár ndícheall bhí an bua ag Rath Daingean.

Scoil Uí Dhálaigh Vs Cill Droichid

D'imir an fhoireann sinsir cluiche peile in aghaidh Chill Droichid i gCumann Luthchleas Ghael Naomh Mhuire i Léim an Bhradáin. Rinne muid sár-iarracht sa chéad leath le himirt iontach ó Chian Ó Riain a fuair cúl amháin taobh istigh den chéad nóiméad. Tar éis cúpla nóiméad eile tháinig cúl iontach ó Eoghan Konstantin.

Nuair a shéid an réiteoir a fhéadóg ag deireadh an chéad leath bhí muid chun tosaigh le dhá chúilín. Sa dara leath tháinig imirt iontach arís ón bhfoireann le cúilín iontach ó Séamas Mac Adhámh agus cúl gleoite ó Chian Ó Riain. Cé gur imir muid thar barr bhí an bua ag Cill Droichid.

Scoil Uí Dhálaigh Vs St. Conleth's

Cuireadh tús iontach leis an gcluiche seo le imirt den scoth ó Chian Ó Riain agus Eoghan Konstantin a fuair dhá chúl do fhoireann na scoile. Tháinig imirt an-mhaith ó Liam Ó Briain le cúilín iontach.

Bhí díomá orainn gur chaill muid an cluiche seo ach bhí a fhios againn nach raibh neart air mar go ndearna muid ár sár-ndícheall.

Scoil Uí Dhálaigh Vs Scoil San Carlo

Rinne Scoil Uí Dhálaigh an-iarracht sa chluiche seo le cúilín iontach ó Liam Ó Briain sa dara leath. Cé gur ndearna muid ár ndícheall, bhí an bua ag Scoil San Carlo.

Cursaí iománaíochta

Le Ceiteach Ó Máirtín (6B)

Blitz Iomanaíochta

Ghlac Scoil Uí Dhálaigh páirt i mblitz iománaíochta i Leamhcán cúpla seachtain ó shin. Sa chéad chluiche tháinig imirt iontach ó Phól Ó Cromtha a fuair cúilín iontach taobh istigh de chúpla nóimeád.

Tháinig sár-imirt Ó Eoghan Ó Conghaile a scóráil dhá chúilín iontach agus tháinig cúilín eile ó Chian Ó Riain. Sa dara chluiche tháinig imirt mhaith arís ó Phól Ó Cromtha agus Eoghan Ó Conghaile le dhá chúilín.

Sa triú chluiche d'éirigh thar barr le Scoil Uí Dhálaigh arís. Bhí muid ar ár mbealach go dtí an cluiche ceannais agus cé go ndearnamar an-iarracht níor éirigh linn sa chluiche seo. Bhuaigh an fhoireann trí chluiche as cheithre cinn agus bhí áthas an domhain orainn.

Scoil Uí Dhálaigh Vs Ath Í

Bhí cluiche iontach againn in aghaidh Ath Í. D'imir an fhoireann ar fad thar barr. Tháinig imirt iontach ó Chian Ó Riain agus Eoghan Ó Conghaile. Bhí lúcháir an domhan orainn nuair a shéid an réiteoir a fhéadóg. Bhuaigh Scoil Uí Dhálaigh le 2-8. Ritheamar amach ón bpáirc inár mbuaiteoirí.

Scoil Uí Dhálaigh Vs An Chill

Chuir an cluiche in aghaidh Ath Í muid ar ár mbealach díreach go dtí an cluiche ceannais in aghaidh an Chill. Bhí an cluiche seo againn thíos sa Churrach. Bhíomar chun tosaigh ag leath-ama agus den chuid is mó den dara leath. Ar an droch uair tháinig cúl agus dhá chúilín ón Choill i rith an cúpla nómeád deirneach. An scór deireanach Scoil Uí Dhálaigh 0-3 An Choill 2-2.

Nuachtlitir na Cásca 2007

Iománaíocht agus Peil

Scoil Uí Dhálaigh 0-1 Scoil San Carlo 4-7

Tá an scoil ag glacadh páirte arís i mbliana i gComórtais Chumann na mBunscol Cill Dara. Tá Rang a Trí, Rang a Ceathair, Rang a Cúig agus Rang a Sé ag glacadh páirte sa chomórtas seo. Bhí an chéad chluiche iománaíochta sinsir againn in aghaidh Scoil San Carlo. D'imir an fhoireann ar fheabhas cé go raibh an aimsir go dona ar fad. Cé go ndearna muid sár-iarracht bhí an bua ag Scoil San Carlo.

Eoghan Ó Conghaile agus Ceiteach Ó Máirtín

An Páinéal Iománaíochta

Sinsir: Ceiteach Ó Máirtín, Eoghan Ó Conghaile, Glyn Mac Cormaic, Liam Ó Briain, Niall Ó Síocháin, Ádhamh Mag Uidhir, Dáire Ó Cathasaigh, Oisín Ó Conchúir Mac an Bhaird, Cian Ó hIrile, Eoin Ó Máirtín, Calvin Bay, Somhairle Ó Conbhuí, Máirtín Ó Neachtain, Fiachra Mac Suibhne, Somhairle Telford, Proinsias Bass, Conaire Ó Fágáin, Cillian de Londrais, Seán Ó Sandéar, Zachary Ó Conchobair, Pól Ó Cromtha, Laoi Ó Murchú, Oisín Ó Cathasaigh, Cillian Mac an Tuile, Dáire Pléamann, Séamas Mac Ádhaimh, Liam Ó Dochartaigh, Oisín Ó Tarráin, agus Cian Ó Riain.

Faoi 11: Aaron Ó Ceallaigh,Eoin Ó Cuilinn, Niall Ó Muineog, Cian Ó Breacáín, Cormac Ó Ceallacháín, Conchúr Ó Faoláin, Jason Ó Meilbhín, Darragh Ó Nualláin, Zachary Ó Conchobhair, Dáire Mac Gabhann, Eoin Schuster, Ádhamh Rosaitéar agus Darragh Ó Riain.

Peil

D'imir an fhoireann sinsir cluiche peile in aghaidh Scoil na mBuachaillí Cill Choca ar an 20ú Márta 2007 i bpáirc CLG Chill Choca. Rinneamar sár-iarracht sa chéad leath le himirt iontach ó Eoghan Konstantin a fuair trí chúl don fhoireann ach nuair a shéid an réiteoir a fheadóg ag deireadh an chéad leath bhí Scoil na mBuachaillí chun tosaigh le dhá chúilín.

I rith an dara leath tháinig imirt iontach ó Chian Ó Riain agus Liam Ó Briain. Scóráil an bheirt acu pointe iontach. Bhí go leor seansanna eile againn ach bhog Scoil na mBuachaillí chun tosaigh de réir a chéile agus cé go ndearna Scoil Uí Dhálaigh a ndícheall bhí an bua ag Cill Choca.

Ceiteach Ó Máirtín

An Páinéal Peile

Ceiteach Ó Máirtín, Cian Ó Dubhuí, Liam Ó Briain, Glyn Mac Cormaic, Fiachra Ó Duibheannaigh, Conchúr Mac Fhearraigh, Séamas Mac Ádhaimh, Cathal Mac Aodha, Fiachra Mac Suibhne, Somhairle Telford, Ádhaimh Ó hÁinle, Eoghan Ó Dubhuí, Cian de Búrca, Liam Ó Dochartaigh, Tiarnán Mac Gabhann, Eoghan Konstantin, Ailéin Ó Maoldomhnaigh, Cian Ó Riain, Eoin Ó Máirtín, Éanna Mac Anraí, Cillian de Londrais, Shane Ó Meadhra, Oisín Ó Conbhuí, Pól Ó Cromtha, Eoin Ó Cuilinn, Niall Ó Muineog, Laoi Ó Murchú, Cillian Mac an Tuile, Darragh Ó Riain, Eoin Shuster.

Téigh go phríomhábhair na leathanaigh