Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh

Fáilte | Nuacht | Nuachtlitir an tSamhraidh 2008

Nuacht

Nuachtlitir an tSamhraidh 2008

Dán

An Samhradh

Sa Samhradh bíonn gach duine sásta
Ag súgradh is ag ithe bia blasta.
Ag spraoi is ag bogadh ár gcnámha
Ag snámh san linn snámha.
Is breá liom a bheith te
Agus teacht isteach ag a deich!!
Le Teamhair Ní Cheallaigh 3A


Nóta ón mBord Bainistíochta

Tá moill mhór curtha ar thogra tógála na seomraí ranga nua mar gheall ar chastachtaí dlí.

Beidh táille á ghearradh go luath as páirceáil i gcarrchlós an tséipéil. Beidh an chéad 20 nóiméad páirceála saor in aisce.D'fhéadfadh go mbeidh an carrchlós dúnta ar fad laethanta sochraide/bainise.

The building of our new classrooms has been delayed by legal complications.

Parking charges are due to commence in the church car park. The first 20 mins will be free of charge. The car park may be closed on funeral/wedding days.


Scipeatón 2008

Ghlac ranganna 2-6 páirt i scipeatón ar son Córas Croí na hÉireann arís i mbliana. Bhí sé ar siúl ar an Aoine 11ú Áibreán . Chaith na ranganna ar fad an lá ag scipeáil sa chlós. Bhailíomar breis is 4,700 euro. Ba bhaint amach iontach é sin. Tá buíochas mór tuillte ag na páistí uilig a ghlac páirt agus gach duine a thug tacaíocht don chúis mhaith seo.

Ranganna 2-6 took part in the annual Skipathon in aid of The Irish Heart Foundation on the 11/04/08. The pupils spent the day skipping in the yard. They managed to raise over 4,700 euro-this was a fantastic achievement. We would like to take this opportunity to thank all the pupils involved and to everyone who sponsered the pupils.


Gradam Eolaíochta

D'eagraigh Iníon Uí Laighléis obair eolaíochta ar son gradam feabhais san eolaíochta don scoil i rith na bliana. Bhí Ranganna 1A, 3B/4B, 5A, 5B/6B agus 6A ag obair go dian ar son an ghradaim eolaíochta seo. Bhí ceachtanna speisialta eolaíochta ar siúl sna ranganna, Seachtain na hEolaíochta , tháinig léachtóir eolaíochta chun na scoile agus bhí lá oscailte eolaíochta againn. Chuir Iníon Uí Laighléis samplaí den obair seo go leir le chéile i 3 log oibre agus ar théip agus sheol sí isteach go dtí "Discover Primary Science" iad. Tá áthas orainn a rá tar éis an obair go léir go bhfuil gradam ór bainte amach againn. D'fhreastáil Iníon Uí Laighléis, Iníon Uí Dhuillearga, Alanna Nic Ghiolla Phádraig, Aaron Ó Ceallaigh agus Caoimhe Ní Choimín ar an searmanas ghradaim éolaíochta san Uaimh ar an 6/6/08. Féach Gealaraí

Iníon Uí Laighléis and 1B, 3B/4B,5A, 5B/6B and 6A have been working very hard during the year. They partook in various expriments and special science lessons in order to achieve the award of science excellence. On the 6/6/08 Iníon Uí Laighléis, Iníon Uí Dhuillearga , Alanna Nic Giolla Phádraig, Aaron Ó Ceallaigh and Caoimhe Ní Choimín went to the award cermony in Newgrange Hotel in Navan to collect the special award for the school. Photographs of this special event were in the weeks Kildare Times and Kildare Post and on Gealaraí


An Searmanas Gradam Eolaíochta

Chuaigh mé féin, Alanna, Caoimhe, Iníon Uí Laighléis agus an Príomhoide go dtí "Newgrange Hotel" san Uaimh. Chuaigh muid ann chun glacadh le Gradam Eolaíochta. Nuair a shroich muid an áit chuaigh muid isteach i seomra áit a raibh a lán rudaí ar taispeáint ann. Bhí triomadóir gruaige agus liathroid ina lámh ag fear amháin, nuair a cuireadh an triomadóir ar siúl thosaigh an liathróid ag saoradh san aer. Bhí bia agus deoch ann freisin. Ansin thosaigh seó draíochta eolaíochta. Tháinig spásaire isteach agus mhínigh sé dúinn conas a itheann siad sa spás. Ansin bhronn Aoibheann Ní Shuilleábhán an gradam orainn. Bhí lá iontach againn.
Le hAaron Ó Ceallaigh Rang 4B


Lá Spóirt

Bhí lá spóirt na Naíonáin -Rang a Dó ar síul ar an 4/6/08.Maidin álainn ghrianmhar a bhí ann agus bhain na páistí an- taitneamh as. Cuireadh lá spóirt Ranganna 3-6 siar go dtí an 10/6/08 mar gheall ar an drochaimsir ar an chéad tráthnóna ach bhí lá iontach acu ansin ar an Mháirt.


Ceolchoirmeacha na Scoile

Bhí dhá oíche iontach ar siúl i halla na scoile ar an 17ú agus an 19ú Meitheamh. Bhí réimse leathan de mhíreanna le feiceáil ar an dá oíche idir amhráin, dánta, damhsaí agus drámaí. Bhain na páistí agus na tuismitheoirí ar fad an- taitneamh as. Bailíodh €2595 ar fad agus caithfear an t-airgead seo ar uirlisí ceoil ar dhlúthdhioscaí agus ar chostaisí Chór na nÓg. Féach Gealaraí agus Gealaraí eile

The end of year concerts were held in the school hall on the 17th and the 19th of June. Both nights were very enjoyable with a wide range of acts between songs, poems, dramas and dances. See Gealaraí and more Gealaraí


An Chéad Chomaoineach

Rinne Rang a Dó a gCéad Chomaoineach ar an 3ú lá de mhí Bealtaine. Bhí lá iontach acu. Ba mhaith leo a mbuíochas a ghabháil leis an Athair Ó Muirithle, an Príomhoide, Bean Uí Irile, an cór agus Donncha Mac Aogáin. D'eagraigh Coiste na gCairde cóisir iontach sa halla dóibh. Bhailigh an Rang 120 euro ón a gcuid airgid Comaoinigh agus cheannaigh siad cearc agus coiníní ó Bhóthar.

Rang 2A made their First Holy Communion on the 3/5/08. The had a fantastic day. The class and Múinteoir Neasa would like to extend their thanks and appreciation to Father Hurley, Inion Uí Dhuillearga, Bean Uí Irile, the choir and Donncha Mac Aogáin. They would also like to thank Coiste na gCairde who organised an excellent party in the school hall afterwards. The class collected 120 euro in aid of Bóthar from their Communion money.


Taifeadadh dlúthchéirnín na scoile

Bhí fuadar faoi gach rang agus múinteoir sa scoil ar an 13/6/08 nuair a chuir siad dlúthchéirnín le chéile.Ár mbuíochas ó chroí leis na múinteoirí, daltaí, le hEoin agus Máire Mhic Gearailt agus le Proinsias Ó Faoláin as an obair chruaidh a rinne said don togra seo. Tá súil againn an dlúthdhiosca a sheoladh i mí na Samhna. Féach Gealaraí

Every class and their teachers were on their toes on 13/6/08 for the recording of a school CD. The school céilí band recorded no less than 15 tracks! A huge thank you is due to our teachers and pupils to Eoin and Máire Mhic Gearailt and to Proinsias Ó Faoláin for their hard work in this project. We plan to launch the CD in November. See Gealaraí


Seirbhís Rang a Sé

Bhí seirbhís bhuíochais agus bronnadh gradaim dhaltaí Rang a Sé ar siúl i halla na scoile ar an 23/6/08. Bhí oíche iontach acu. Bhí béile deas ag gach duine. Bronnadh gradam scoláire na bliana ar bheirt dhalta as Rang a Sé, Caitríona Ní hAoife Rang 6A agus Seosamh Ó Beacháin Rang 6B. Bronnadh Gradam Peil na gCailiní ar Stiofáinín Ní Dhiolúin Rang 6A. Chuaigh Gradam Peil na mBuachaillí agus Íomanaíocht chuig Eoghan Ó Conghaile Rang 6B. Bronnadh Gradam Chamógaíochta ar Cháit Ní Fhearraigh Rang 6B. Bronnadh Gradam Lúthchleasaí na Bliana ar Liam Ó Briain Rang 6B agus Cian Ó hIrile Rang 6A. Bronnadh an gradam tinrimh ar Eoin Ó Mairtín rang 6A. Tá ardmholadh ag dul do Choiste na gCairde as an eagrúchán iontach a bhí ar an oíche speisialta seo.

The sixth class graduation ceremony took place in the school hall on the 23/6/08. A great night was had by all who attended. The scholar of the year award went to Caitriona Ní hAoife Rang 6A and Seosamh Ó Beacháin Rang 6B. The Girls Football award went to Stiofáinín Ní Dhiolúin Rang 6A. The Girls Camogie Award went to Cáit Ní Fhearraigh Rang 6B. Both the Hurling and Boys' Football Awards went to Eoghan Ó Conghaile Rang 6B. The Sportsperson of the Year Awards went to Cian Ó hIrile rang 6A and Liam Ó Briain Rang 6B. The best attendance award for the eight years went to Eoin Ó Mairtin Rang 6A. Coiste na gCairde are to be commended on their excellent organisation of this special occasion.


Leathanach na bPáistí

Cuimhní Scoile

Scoil mhór bhán
Daltaí sna pasáistí
Mo sheomra féin
Lán de Mhúinteoirí is Páistí!

An lá sin gach bliain
Bheadh mé iRang amháin níos sine
Ag foghlaim ábhar nua, gach lá
Bheadh mo obair píosa beag níos cruinne!

Gaeilge, Béarla, Reiligúin is Stair
Ach is é an mata an t-ábhar is fearr!

Eachtraí maithe
Is droch- eachtraí
Ní b'fhearr liom aon cheann de na Múinteoirí!

Is breá liom an scoil seo
Agus gach rud istigh ann,
Na Múinteoirí is na daltaí
Scoil Uí Dhálaigh mar chlann!

Le Caitríona Ní hAoife

Mo Laethanta Saoire

Beidh mo laethanta saoire ag tosú i gceann cúpla seachtain. Beidh muid ag dul go dtí an Fhrainc. Rachaidh muid ar an eitleán. Iosfaidh mé a lán rudaí deasa. Ólfaidh mé a lán Fanta freisin. Fanfaidh mé i mo leaba agus beidh mé ag imirt ar mo Nintendo. Feicfidh mé an túr Eiffel agus an Arc de Triomphe i bPárás. Déanfaidh mé a lán caisleáin gainimhe. Ansin tar éis cupla seachtain tiocfaidh mé abhaile.

Le Lydia Ní Chonchobhair 2A

Mo Laethanta Saoire

Beidh mo laethanta saoire agam amárach. Tá sceitimíní an domhain orm. Beidh pizza agam don dinnéar. Beidh muid ag dul go dtí an trá agus déanfaidh muid rudaí difriúla. Beidh sé go hiontach. Beidh muid ag dul thar lear ar eitleán. Caithfaidh mé mo mhála a ullmhú anois. Slán!!

Le Hannah Rubino 2A

An Turas Scoile

Chuamar ar ár dturas scoile ar an 9ú Meitheamh. Chuamar go Clara Lara i gCill Mhantáin. Bhí Ranganna trí agus Ceathair ar an turas linn freisin. D'fhágamar an scoil ag leathuair tar éis a naoi agus shroichemar an áit roimh haon déag a chlog. Thaisteal muid ar bhus. D'imigh an lá go tapaidh. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch an lá ar fad agus bhí a lán le déanamh againn. Chuaigh mé féin díreach isteach san uisce.agus bhí mé fliuch go craiceann. Tar éis tamaill tháinig ocras orm agus d'ith mé mo lón. Bhí sceallóga agus uachtar reoite agam freisin.

Le hAoife Ní Chonbhaith 5A

An Samhradh

Tá an samhradh anseo hip hip húré!
Tá an scoil beagnach críochnaithe. Beimid saor gach uile lae. Beidh an ghrian ag taitneamh. Beidh an aimsir deas te. Beimid ag dul thar lear ar an eitleán ná b'fheidir ar an mbád. Beidh na laethanta saoire breá grianmhar. Beimid amuigh ag imirt peile is ag spraoi. Rachaimid cois farraige lenár sluasaid agus buicéad. Beimid ag messeáil istigh san uisce agus ithimid uachtar reoite le fuarú síos.

Le hAoibhinn Ní Rálaigh 4A

Clara Lara

Cill Mhantáin
Lochanna
Ar fheabhas
Rópa
Ag spraoi

Lán de spraoi
Ag snámh
Rith
Ar bís

Le Conall Ó hAodha 4A


BUÍOCHAS

Ba mhaith le Scoil Uí Dhálaigh a mbuíochais a ghabháil le gach duine a thug cabhair i rith na bliana idir Múinteoirí, Tuismitheoirí, an Bord Bainsteoireachta, Coiste na gCairde agus go leor eile. Tá súil againn go mbeidh Samhradh álainn agaibh go léir.

The School would like to thank all who helped out during the school year between teachers, Parents, Board of Management, Coiste na gCairde and others. We hope you all have a lovely Summer.


<< Ar ais  |  Ar aghaidh >>

Téigh go phríomhábhair na leathanaigh