Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh

Fáilte | Nuacht | Nuachtlitir na Cásca 2008

Nuacht

Nuachtlitir na Cásca 2008

Dán

An Cháisc

Is breá liom an Cháisc
Seo é an fáth:
Ní thagann coinín go dtí do theach gach lá!
Fágann sé uibheacha i ngach áit ar bith
'S ar maidin téann tú síos chun iad a ith!
Bíonn siad chomh milis le siúcrá,
'Sin téann tú chomh bán le púca!
C-C-Conas a bhfuair siad anseo? A deir tú
"An coinín na cásca a deirmse"
Tá sé chomh tapa le cú!

Le Clár Nic Liam 4A


Scipeatón 2008

Beidh ranganna 2-6 ag glacadh páirt i scipeatón ar son Córas Croí na hÉireann arís i mbliana. Beidh sé ar siúl ar an Aoine 11ú Áibreán. Tá foirmeacha imithe abhaile leis na páistí agus tá muid ag súil leis an tacaíocht ceanna i mbliana is a fuair muid anuraidh. Bhailigh muid 5,300 euro anuraidh don chúis maith seo. Tá na foirmeacha le theacht ar ais roimh an 10/04/08 agus tá siad le tabhairt don Múinteora Paula.

Scipathon 2008
Ranganna 2-6 shall be taking part in the annual Skipathon in aid of The Irish Heart Foundation on the 11/04/08. Pupils have already received forms and we greatly appreciate your support in relation to this worthy charity. Forms must be returned to Múinteoir Paula before the 10/04/08. Last year we collected over 5,000 euro and we hope to do the same again this year.


Maidin Eolaíochta

D'eagraigh Iníon Ní Laighléis maidin oscailte eolaíochta ar an Deardaoin 6ú Márta. Ghlac Ranganna 1A, 5A, 6A, 3B/4B agus 5B/6B páirt ann. Bhí seans ag na páistí sna ranganna seo a gcuid oibre eolaíochta a thaispeáint do na tuismitheoirí. Ba mhaidin thaithneamhacha é. Seo alt beag a scríobh Gráinne de Búrca ó Rang 4B faoin méid a rinne sí féin agus an rang.

Science Morning
Iníon Ní Laighléis orgainsed a Science Morning on the 6th of March. This morning gave the puils of Ranganna 1A, 5A, 6A, 3B/4B and 5B/6bB the opportunity to display the various projects they had been working on for the past few weeks. It was a very enjoyable morning. Gráinne de Búrca from Rang 4B has written the above article describing the project "Lighthouses" herself and the rest of the class took part in.

Teach Solais

Le Gráinne de Búrca 4B

Rinne an Rang tithe soilse. Bhí mise i ngrúpa le Rebekah agus Éilís. Thóg mé isteach bosca "pringles". Rinne Rebekah agus Éilis carraigeacha le páipéar agus péint liath. Phéinteáil mé an bosca "pringles le dathanna bán agus dearg. Ansin fuair muid páipéar gaineamh agus chuir muid é síos ar bhosca bróige. Thóg mé isteach sliogáin beaga. Bhí sé an-mhaith. Chuaigh muid timpeall na ranganna lenár teach solas a thaispeáint. Thóg an Múinteoir grianghraif den teach solais. Bhí an seachtain seo an- mhaith ar fad.


Nuacht Rang a Dó

Rinne Rang a Dó a gCéad Fhaoistin ar an 11ú de mhí Márta. Rinne siad dráma bunaithe ar an Aoire Maith. Ghlac Stiofán Ó Sandléir páirt an aoire agus bhí Éabha Nic Cionnaithe an-mhaith mar an gcaora cailte. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an tAthair Ó Muithile, Bean Uí Irile An Múinteoir Gillian agus an cór. Beidh muid ag ullmhú don gCéad Caoimneach tar éis na Cásca.

Rang a Dó News

Rang 2A made their First Confession on the 11/04/08. A drama based on The good Shephard was prepared and shown on the night. The class would like to thank all those who helped out on the night- Father Ó Muirthile, Bean Uí Irile, Múinteoir Gillian and the choir. Preparations for the First Holy Communion will continue after Easter.


Nuacht Rang a 3A

Bóthar Órga

Beidh Rang 3A ag bailiú airgid don charthanacht Bóthar ar an gCéadaoin 12ú Márta. Beimid ag déanamh iarracht imlíne an halla a mharcáil amach le boinn airgid órga, sé sin na boinn 10c,20c,50c agus 1 euro. Táimid ag iarraidh go gCabhróidh na ranganna ar fad linn.

Rang a 3A News

Rang 3A will be collecting money in aid of the charity "Bóthar" on Wednesday 12/03/08.


Seachtain Ardú Coinsiasa ar Bhulaíocht 25ú-29ú Feabhra 2008

Bhí seachtain ardú cionsiasa ar Bhulaíocht ar siúl sa scoil ón 25ú-29ú Feabhra. Bhí tionol ar siúl i halla na scoile gach uile mhaidin. An téama a bhí againn ná Ag Ceiliúradh Difríochtaí. Chuaigh na páistí siar ar an méid a múineadh anuraidh faoi Chairdeas. Chan na Ranganna Sóisir Shalom a Chara agus d'éist siad le scéal ón sraith Milly Molly Mandy-Stoca Dhaideo. Chan na Ranganna Sinsir Ubi Caritas agus d'éist siad le Scéal ón mBíobla-Íosa agus an bhean Samárach. Chomh maith leis seo luaigh siad na difríochtaí i bpearsantachtaí dhaoine. Seo iad cuid de na scéalta agus dánta a scríobh na páistí i rith na seachtaine.

Bullying Awareness week 25th-29th February

A Bullying Awareness week was held in the school from the 25/02/08-29/02/08. There was an assembly held In the school hall every morning. Celebrating Differences was the theme this year. The pupils revised the importance of Friendship that they were taught last year. Here are some stories and poems the children wrote during the week.

Mo Chara

Tá mo chara an-dheas liom. Ní bhíonn mise ná mo chara ag troid ar chor ar bith. Bíonn muid ag súgradh le chéile cúpla lá in aghaidh na seachtaine ach ní gach lá mar tá cairde eile againn.

Le Nathan Craobhach Rang 2

Cairdeas

Is breá liom Cairdeas
Tá a lán de spraoi
Is bímid ag gáire
He!He!He!

Bímid ag súgradh an lá ar fad
Ag rith is ag léim
Is ag seoladh an bháid
Sin é an fáth gur fearr liom cairde ná ór.

Le Seosamh Ó Beacháin agus Ádhamh Mag Uidhir 6B

Help!

I'd rather friends than gold
But..Do not be bold.
If you hear something you
Do not want to hear
Tell someone near.

Help! Help! Yell out loud
If they don't stop
Tell a Teacher near

Le Cormac Ó Ceallacháin Rang 4A

Cairdeas

Cairdeas nuair a bhíonn tú ag spraoi
Agus nuair a bhíonn tú buartha faoi.
Imrímid gach lá, seachtain is mí.
Roinnimid na bréagáin atá ina luí.
Deinimid rudaí deasa leo.
Eolaíocht ag léamh faoi chapaill is ba.
Ag féachaint thar na blianta ag súgradh.
Suímid ar an talamh ag féachaint ar na réaltaí sa spéir.

Le Sadhbh Philibín e Silva 4B

A Chara a stór

Samhlaigh an saol gan cairde ar bith
Ní bheadh tada le déanamh
Seachas ól agus ith.
Ní bheadh duine éigin agat chun do
Éadaí a roinnt
Ní bheadh an Múinteoir ag tabhairt
Amach faoi chogarnáil is caint.

Táim buíoch díot a chara, a chara a
Stór
Bímis i gconaí cairdiúl lena chéile
Bhuel seachas corr uair.

Le Cáitríona Ní hAoife 6A


<< Ar ais  |  Ar aghaidh >>

Téigh go phríomhábhair na leathanaigh