Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh

Fáilte | Nuacht | Nuachtlitir na Nollag 2007

Nuacht

Nuachtlitir na Nollag 2007

Dánta agus Scéalta Nollag na bpáistí

Tá an Nollaig buailte linn arís agus ba mhaith le Scoil Uí Dhálaigh a mbuíochas a ghabháil le gach duine a thug tacaíocht agus cabhair dúinn i rith na bliana. Nollaig Shona agus Bliain Úr faoi mhaise daoibh go léir.

An Nollaig

Um Nollaig
Bíonn gach duine ar bís,
Tá Dáidí na Nollag
Ag obair arís.

Bréagáin go leor
Sneachta ag titim,
Liamhás' is turcaí
Tá sé am don ithe.

Rúdolf sa spéir
Is réaltaí geala,
Luath oíche Nollag
Téigh go dtí do leaba.

Le hÁine Nic Ghearailt Rang 3A

Angels

Bright, lovely
Caring, singing, helping
They came and sang
Gave shepherds
The good news.

Le Sorcha Ní Mheilbhín Rang 3B

Oíche Nollag

Oíche Nollaig a bhí ann agus mise i mo chodladh. Bhí mé ar bís agus bhí mé ag iarraidh Dáidí na Nollag a fheiceáil. Dúirt mo Mhamaí liom fanacht i mo leaba agus codladh. Bhí sé ag cur sneachta amuigh agus bhí na réaltaí ag lonradh sa spéir.Go tobann chonaic mé solas dearg taobh amuigh den fhuinneog. Srón mhór dhearg a bhí ann agus é ag feachaint isteach i mo sheomra. D'inis mé an scéal do mo Mhamaí ar maidin. Ba fia rua a bhí ann. Bhí na bronntanais Nollag ar fad faoin gcrann nollag. Bhí mé an-sásta leis na bronntanais go léir. Bhuel sin an Nollaig a bhí agamsa...slán agus Nollaig Shona.

Le hEoin Schuster Rang 4A

An Nollaig

Tá an Nollaig ag teacht hip hip huré.
Tá gach duine corraithe faoin Nollaig.
San Iodáil tagann Mamaí na Nollag.
Tagann Iosa go dtí páistí an Phortangéil.
Sa Ghearmáin, níl cead ag na páistí an crann nollag a fheicéail go dtí Oíche Nollag.
Tá a fhios ag gach duine cad a tharlaíonn in Éirinn, tagann Dáidí na Nollag le bronntanais ach ná bí dána nó gheobhaidh tú gual. Ach ná déan dearmad ar fhíor-mhíniú na Nollag - An leanbh Íosa a rugadh Oíche Nollag.

Le hAoibhinn Ní Rálaigh Rang 4A

An Nollaig

Nuair a thagann an Nollaig
Bíonn áthas san aer
Bíonn a lán bronntanais
Bíonn Dáidí na Nollag sa spéir.

Tá an oíche ag teacht
Ach tá muid ag spraoi,
Ó cloisim an clog
Tá sé in am dul a luí,
Ní féidir linn dul a chodladh
Ach níl Mamaí fós ina suí.

Le Sibéal Nic Philib Rang 5B</p>


Na Gilídiní

Seo club óige na scoile le haghaidh dhaltaí ranganna 5 agus 6. Tagann siad le chéile i halla na scoile gach tráthnóna Satharn ó 7.30 go dtí 9.00. I measc na n-imeachtaí bíonn cluichí, spóirt, turasanna, ceardlanna, srl.

Na Gilidíní Youth Club
This is our school youth club which is open to pupils from Fifth and Sixth classes. They meet in the school hall on Saturday evenings from 7.30 to 9.00. Activities include games, sports, outings, workshops, etc.


Lá Spraoi

Le Seána Ní Chóileáin agus Stiofáinín Ní Dhiolúin

Bhí Lá Spraoi ag Rang a 6A ar an 7ú lá de Mhí na Samhna. Bhíomar ag iarraidh airgead a bhailiú le haghaidh an "Samaritans Purse". Bhí an margadh againn i halla na scoile. Chuireamar a lán obair isteach ann. Bhí orainn praghsanna a chur ar gach rud, bhí orainn a lán bácáil a dhéanamh. Bhí cead ag gach páiste a gnáth éadaí a chaitheamh ar an lá. Chaith an chuid is mó de na ranganna a gnáth éadaí ach chaith ár rang pítseamaí. Bhí cluichí againn freisin. Bhí "Buataisí General Nelson", An Crúb", comórtas damhsa agus "Cé mhéad mirlin atá sa phota?" againn. Bhí am iontach ag gach duine agus na cluichí á n-imirt acu. Chuiremar seó ar siúl freisin. Bhí Cathal ag damhsa, Cian ar an veidhlín, dráma le hEibhlin, Stiofáinín, Alanna, Rebecca, agus Seána Ní Choileáin. Chuiremar seó faisean ar siúl agus chan muid amhrán ag an deireadh. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh linn. Faoi dheireadh, cheannaíomar tobar le haghaidh sráidbhaile. Go raibh míle maith agaibh go léir.

Funday
Rang a 6A orgainsed a Funday in aid of the Samaritan's Purse on the 7/11/07. The event took place in the school hall and every class in the school took part in the activities organised by sixth class. The class raised enough money to buy a well for a village. The pupils of 6A would like to thank all those who supported them on the day. Also the school would like to thank the pupils and their teacher, Múinteoir Gillian, who organised this event and raised much needed money for this charity.


Seachtain na hEolaíochta

D'eagraigh Iníon Uí Laighléis Seachtain na hEolaíochta sa scoil ón 12ú go dtí 16ú SamhainTháinig leachtóir ó NUIM isteach chun táispéantas eolaíochta a dhéanamh leis na ceithre rang a roghnaigh sé. Chomh maith leis sin, rinne gach rang gníomhaíocht eolaíochta leis na múinteoirí freisin.

Seo alt a scríobh Caitríona Ní hAoife as Rang 6A faoi thurgnamh a rinne sí sa rang:

Ar an 6ú/11/07, rinne mé féin agus an chuid eile den rang turgnamh do sheachtain na hEolaíochta. Bhí orainn tumadóir a dhéanamh as marla, claibín agus fáiscín páipéar. B'éigean dúinn é a chur isteach sa bhuidéal agus é a dhúnadh. Nuair a chuireamar an fear beag isteach, thit sé go bun an bhuidéil láithreach. Bhí an t-ádh ar Alanna agus Eibhlín lena dturgnamh. Chuir siad é ag snámh. Bhí an-spórt agus spraoi againn lenár dturgnamh. D'fhoghlaimíomar a lán rudaí faoi uisce agus faoi aer. Bhí craic iontach againn.

Science week
Iníon Uí Laighléis organised Science Week in the school from the 12-16/11/07. A lecturer from NUIM was invited to come in. Various types of experiments were set up in the school hall and he demonstrated how each experiment worked. The children had tremendous fun trying out all the different experiments. Also, each class carried out a number of experiments in their own classrooms.


Scoileanna Glasa

Tá an scoil ag déanamh sár-iarracht leanúint ar aghaidh ag laghdú an méid bruscair sa scoil. Tá ard-mholadh tuillte ag Rang 1B a rinne an-iarracht bruscair a laghdú i Mí Méan Fómhair, Mí Dheireadh Fómhair agus arís i Mí na Samhna.
Rinne rang 5A an iarracht is fearr idir Mí Méan Fómhair agus Mí Dheireadh Fómhair. D'éirigh thar barr leis an gcomórtás breág-ghléasadh a bhí ar siúl ar an 27/10/07. Bhain na páistí an-taitneamh as.
Ná déanaigí dearmad go mbeidh an comórtas Róbó ar siúl arís i Mí Eanáir. Mar sin coinnígí na boscaí a thugann Dáidí na Nollag daoibh agus beimid ag súil le go leor Róbó athchúrsáilte álainn a fheiceáil i 2008. Leanaígí ar aghaidh leis an dea-obair agus cabhraigh linn brat glas a fháil.

Green Schools
Great efforts are being done by the Teachers and pupils of the school in trying to reduce the amount of rubbish, packaging etc.. being brought in or used in the school. The Halloween costume competition held on the 27/10/07 proved to be a great success and a great day was had by all. Don't forget the school will be holding the annual "Róbó" competition again in January ,therefore children should hold onto the boxes and packaging of their Christmas gifts. Keep up the good work and help us get the green flag.


Ceolchoirm Hallelujah

Le Danu Nic Gabhann

Ar an 8ú lá de Mhí na Nollag chan Rang 5A ag an Hallelujah Concert san RDS. Chanamar go leor amhráin. Bhíomar ag cleachtadh ó Mhí Méan Fómhair. Ar an Satharn d'fhágamar an scoil ar an mbus. Thosaíomar ag cleachtadh nuair a shroichemar an áit. Bhí a lán scoileanna eile ansin. Chan Lee Ryan, Peter Correy agus Jenny Mac Cabe ann freisin. Bhí stiúrthóir iontach ann darbh ainm Gearóid Grant. Bhain gach duine taitneamh as.

Hallelujah Concert
On the 8th of December, children from Rang 5A took part in the Hallelujah Concert in the RDS. An enjoyable day was had by all.


Seoladh suíomh na scoile

Sheol an craoltóir spóirt Mícheál Ó Muircheartaigh suíomh idirlíon na scoile www.scoilchearbhaill.com ar an 25ú lá Deireadh Fómhair.Bhí dáltaí ranganna 1-6 i láthair chomh maith le tuismitheoirí agus aíonna. Sheinn Banna Ceoil na scoile agus chuir tuismitheoirí ó Choiste na gCairde lón blasta ar fáil.

School website launch
Broadcaster and sports commentator Mícheál Ó Muircheartaigh launched www.scoilchearbhaill.com on the 25th of October. Pupils from ranganna 1-6 attended, as well as parents and guests. Our Céilí Band played and our Parents' Committee provided refreshments and snacks.


Buíochas: an Maratón Eitpheile

Gabhaimid buíochas ó chroí le gach duine a thacaigh leis an Maratón Eitpheile Déardaoin 22/11/07, idir múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí. Lá iontach a bhí ann agus bailíodh go leor airgid ar son na scoile.

Tuilleadh pictiúir: Féach Gealaraí XVII

Thanks: Volleyball Marathon
A heartfelt thank you to all who supported our Volleyball Marathon on Thursday 22/11/07 – teachers, pupils and parents. The day was a huge success. Great fun was had by all and a significant amount of money was collected for school funds.


Cártaí Nollag Scoile ar díol sa chlós

Chuaigh Cártaí Nollag Scoile ar díol sa chlós gach maidin ón Luan 26/11/07. Cuireadh paca amháin cártaí abhaile le gach dalta. Seolaigí ar ais na cártaí muna bhfuil siad uaibh nó seol 12 euro ar phaca amháin, 20 euro ar dhá phaca nó 28 euro ar thrí phaca chuig Iníon Uí Sheachnasaigh Seomra 14 (Réamhdhéanta).

Na pinn luaidhe

Tuilleadh pictiúir: Féach Gealaraí XIX

School Christmas Cards on sale
School Christmas cards went on sale in the schoolyard each morning from Monday 26/11/07. One pack is being sent home with each child. Prices are 12 euro for 1 pack, 20 euro for 2 packs and 28 euro for three packs. Please return unwanted packs of cards or payment to Iníon Uí Sheachnasaigh, Room 14 (pre-fab).
More pictures: See Gealaraí XIX


SOS: Cabhair thuismitheoirí ag teastáil

Tá leabhair léitheoireachta nua le haghaidh na ndaltaí ceannaithe againn. Tugadh cúpla céad leabhar leabharlainne dúinn ó Aonach na Leabhar chomh maith. Tá cabhair thuismitheoirí ag teastáil uainn anois chun na leabhair sin a chlúdach.

Déanaigí teagbháil le Bean Uí Irile, Oide Ranga 5A, nó leis an oifig trí nó tríd Oifig an Phoist ar an suíomh seo, nó trí glaoch ghutháin ar 01 624 2061.

SOS: Parents needed to help
We have recently purchased new readers for the pupils. We also have received a few hundred library books as a result of the hugely successful Bookfair.

We now need parent volunteers to cover these books. Contact Bean Uí Irile, Rang 5A Class Teacher, or contact the office by mailing or by using the form at Oifig an Phoist on this site or by phone at 01 624 2061.


Ranganna Gaeilge do thuismitheoirí san Athbhliain

Tá na ranganna Gaeilge do thuismitheoirí ag druidim chun deiridh. Oíche Chéadaoin a bhíonn na ranganna ar siúl ó 1900 go dtí 2030 do Thosaitheoirí Glana agus ó 2030 go dtí 2200 do Fheabhasaitheoirí. Cúrsa é seo atá dírithe ar thuismitheoirí a bhfuila gcuid páistí ag freastal ar Ghaelscoil.Tá súil againn ranganna a chur ar fáil arís san athbhliain ón 9/1/08 go dtí 12/3/08 (9 gceacht). Déan teangmháil leis an oifig trí Oifig an Phoist anseo má theastaíonn uait clárú do ranganna Mhí Eanáir 2008.

Irish classes for parents in the New Year
Irish language classes are coming to a close soon. They are held Wednesday evenings from 1900 to 2030 for Beginners and from 2030 to 2200 for Improvers. The course is specifically designed for parents of pupils attending a Gaelscoil. We hope to run a futher term of 9 classes beginning on 9th January 2008. Mail the office though Oifig an Phoist on this site to register.


<< Ar ais  |  Ar aghaidh >>

Téigh go phríomhábhair na leathanaigh