Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh

Fáilte | Nuacht | Nuachtlitir an Fhómhair 2007

Nuacht

Nuachtlitir an Fhómhair 2007

Fáilte agus Slán!

Chuireamar fáilte roimh an dá rang Naíonán Shóisir agus fáilte ar ais roimh Ranganna Naíonán Shinsir go Rang a Sé.

Bhí cumha orainn go léir i ndiaidh Aoife Iníon Uí Choileáin a d'fhill ar a contae dhúchais, Ciarraí, ar an 5/10/07. Chuireamar fáilte mhór ar an 8/10/07 roimh Chiara Ní Chearúill atá ag múineadh Rang 5B/6B.

A big welcome to the two Naíonáin Shóisir classes and welcome back to the other classes from Naíonáin Shinsir to Rang a Sé.

We are all missing Aoife Iníon Uí Choileáin, who returned to her native Kerry on 5/10/07. On 8/10/07 we welcomed Chiara Ní Chearúill, who is teaching Rang 5B/6B.


Dán

Ar ais ar scoil arís

Ar ais ar scoil arís, laethanta saoire an tsamhraidh thart,
Ar ais ar scoil arís, nach deas an rud é do chairde a fheiceáil!

Conall Ó hAodha (Rang 4A)


Cuairt ar an Leabharlann

Aoine gheal ghrianmhar thug Ranganna 3A, 4A, 5A agus 6A cuairt ar leabharlann álainn nua Léim an Bhradáin, áit ar bhuaileadar leis an údar Laoise Ní Chomhraí. Labhair Laoise faoina leabhar nua-fhoilsithe "Ag Taisteal le Tarlach sa tSeapáin".

Thaitin an cuairt seo go mór leis na páistí. Thug caint Laoise léargas dóibh ar chultúr na Seapáine, ar a gcuid nósanna, ar an mbia a itheann siad, na héadaí a chaitheann siad agus ar go leor leor eile. Bronnadh 6 chóip den leabhar ar an scoil. Seo é an méid a bhí le rá ag roinnt pháistí i Rang a 4:

"D'fhoghlaim mé a lán rudaí faoin tSeapáin nach raibh a fhios agam faoin tír."
– Darragh Ó Nualláin

"Is leabhar den scoth é 'Ag taisteal le Tarlach sa tSeapáin'."
– Ádhamh Rosaitéar

"Ba mhaith dul go dtí an tSeapain tar éis dom an leabhar a léamh."
– Lára Ní Bhriain

The children from 3A, 4A, 5A and 6A visited the new Leixlip Library where they met the author Laoise Ní Chomhraí, who spoke to them about her new book on visiting Japan. They learned a lot from Laoise about Japan, its culture and its way of life. The school received six copies of the book and some of the children from Rang a 4 made very favourable comments about it.


Aonach na Leabhar

D'eagraigh Bean Uí Irile Aonach na Leabhar ar stáitse an halla ón 17-23 /10/07 le cabhair thuismitheoirí. Thug gach rang cuairt ar an Aonach agus ba mhór an dúil a chur na páistí sna leabhair. Gabhaimid buíochas ó chroí leis na tuismitheoirí a chabhraigh an tAonach a reachtáil agus leis na tuismitheoirí go léir a thug tacaíocht don Aonach.

The Book Fair was organised by Bean Uí Irile on the stage of the Halla from 17 to 23/10/07 with parents' help. Each class visited the fair and the children showed great interest in the books. We give hearty thanks to the parents who helped and to the parents who gave their support to the Fair.


Mol an óige is tiocfaidh sí!

Cuireann na múinteoirí cluas ghéar orthu féin ó mhaidin go trathnóna le breith ar pháistí a bhíonn ag spalpadh dea-Ghaeilge! Tugtar aitheantas do dhaltaí a dheineann sár-iarracht Gaeilge cheart chruinn a labhairt trí theastas agus peann luaidhe speisialta a bhronnadh orthu. Bronntar teastais ar dhaltaí i Ranganna Naíonáin go Rang a hAon gach maidin Luain agus ar dhaltaí ó Rang a Dó go Rang Sé gach ré-Luan.

Tugtar aitheantas do sár-iarracht a dheineann daltaí go ginearálta ar scoil trí phinn luaidhe a bhfuil "sárdhalta" priondáilte air. Ár mbuíochas ó chroí don tuismitheoir a dheonaigh na pinn luaidhe don scoil.

Na pinn luaidhe

The teachers keep a keen ear all day long to catch pupils speaking fluent Irish! Their efforts are recognised and rewarded by the presentation of certificates and pencils. These are presented weekly to pupils from Infant to First classes and fortnightly to pupils from Second to Sixth classes.

Good effort at school in general is also recognised and pupils are rewarded with a special pencil with "sárdhalta" (excellent student) printed on it. We extend our gratitude to the parent who donated these pencils.


<< Ar ais  |  Ar aghaidh >>

Téigh go phríomhábhair na leathanaigh