Fáilte | Nuacht | Nuachtlitir an tSamhraidh 2007
Nuacht
Nuachtlitir an tSamhraidh 2007
Dán
An Samhradh
Tá an Samhradh ag teacht
Gan mhoill
Beidh muid ag súgradh, ag snámh
's ag campáil sa choill.
Bíonn an ghrian ag taitneamh
Go h-ard sa spéir,
Bíonn gach rud níos dathúla
Na bláthanna is an féar.
Amuigh faoin ngrian bíonn
ár dtuismitheoirí
Ina luí
Bíonn na páistí uilig
Ag súgradh is ag spraoi.
Caitríona Ní hAoife (Rang 5A)
Seirbhís Rang a Sé
Bhí seirbhís bhuíochais agus bronnadh teastais, fáinní agus gradaim dhaltaí Rang a sé ar siúl i halla na scoile ar an 26ú Meitheamh. Bhí oíche iontach acu. Chan na páistí roinnt amhráin a d'ullmhaigh siad do chór na n-óg. Bhí béile deas ag gach duine freisin. Bronnadh gradam Scoláire na Bliana ar bheirt dhalta as Rang a sé.
Graduation day
The sixth class graduation was held on the 26/6/07. The pupils were presented with certificates and awards. A great night was had by all.
Scipeatón 19/4/07
D'eagraigh an scoil Scipeatón do pháistí ranganna 3-6. Chaith na ranganna an lá ar fad ag scipeáil sa chlós agus bhain siad an-sult as. Bhailigh na páistí €5,300 ar son Chumainn Croí na hÉireann. Ba mhór an tsuim airgid é seo agus tá an scoil an-bhuíoch as na páistí agus na daoine ar fad a thug tacaíocht don chúis mhaith seo.
Skipathon
The pupils of Scoil Uí Dhálaigh raised €5,300 by taking part in a skipathon. The money raised went to the Irish Heart Foundation. The school would like to thank all the pupils who raised money and those who supported them.
Brat Glas
Tá sár-iarracht déanta ag gach rang sa scoil an bruscar a laghdú. Bhuaigh Rang An Mhúinteora Paula agus Rang An Mhúinteora Eithne an cómórtas leis an méid is lú bruscair don bhliain. Beidh siad ag dul ar thuras go Chaisleán Léim an Bhradáin agus beidh píotsa acu ansin freisin.
Tá ard-mholadh tuillte ag gach duine a chabhraigh linn i mbliana an bruscar a laghdú sa scoil.
Beidh éadaí á mbailiú againn arís sa chéad téarma nuair a thagann muid ar ais mar sin ná caithigí amach bhur gcuid sean-éadaí i rith an tSamhraidh.
Green Flag
The school would like to thank all of those who have helped reduce the amount of litter in the school. The winners of the ongoing competition in reducing the amount of packaging will be going on a special trip Lexilip Castle on the 28/6/07. The school will be collecting old clothes during the first term back after the summer holidays.
An Cheolchoirm
Bhí ceolchoirmeacha scoile ar siúl dhá oíche an tseachtain seo caite. Chuir na ranganna sóisearacha agus sinsireacha seó iontach ar siúl. Chuir banna ceoil na scoile tús bríomhar leis an gceolchoirm le foinn mhalla agus foinn tapaidh araon.
The Concert
The pupils showed great talent and ability on the 20th and 21st June during the annual school concert. A truly enjoyable night was had by all.
Rang NA:
An Dochtúir
An Samhradh
Rang NB:
Amhrán: Tá mé beo
Rang NSB:
Dumble an Dionosár
Rang 1A:
Mo Bhreithlá
Féach ar an gClog
Rang 1B/2B:
An maith leat Rock and Roll?
Hip Hop
Trasna na dTonnta
Rang 2A:
Tír na nÓg
Óró Sé do bheatha bhaile
Rince Gaelach
Na Laethanta Saoire
Rang 3A:
Daddy fell into the pond
Hip Hop
Rang 4A:
Veidhlín le Dorothy
Rang 3B/4B:
Planxty Irwin
The Blackthorn
Téigh muid le chéile
Rang 5A:
Dráma: Mo Shár-Mhilis 16ú
Is leatsa í
What a calamity!
Rang 5B/6B:
Dán: Bottles
Hip Hop
An Gorta Mór
Rang 6A:
Dráma: Teilifís
Banna Ceoil na dTosaitheoirí
Cór na n-Óg
Cór na n-Óg
Le Hannah Ní Chonchobhair (Rang 6A)
Is í Cór na nÓg an cór do na bunscoileanna ar fud na tíre. Is féidir le haon bhunscoil a bheith páirteach, níl i gceist ach múinteoir ceoil agus cleachtadh. I mbliana bhí áthas orainn nuair a chualamar go mbeadh ranganna a Cúig agus a Sé ag canadh i gCór na nÓg faoi stiúir Iníón Uí Choileáin.
Bhí an-chraic againn ag foghlaim na n-amhráin nua inár ngrúpaí éagsúla agus ag dul go dtí na cleachtaí i gCill Choca. Ansin tháinig thart ar fiche scoil le chéile ar an 24ú Aibreán. Bhí oíche cheolchoirm regiúnach againn san Aireána Náisiúnta Cispheile áit a bhuaileamar den chéad uair leis an tUsual Seán Creamer. Ba é an tUsual Creamer a chur tús leis an gcór go léir dhá bhliain is fichead ó shin. Ócáid an-mhór ab ea sin ach mí ina dhiaidh sin tháinig cuireadh chuig Scoil Uí Dhálaigh cúpla páiste a chur chuig an Halla Cheolchoirm Násiúnta le haghaidh na ceolchoirme dheireanaigh. Ba é sin an cheolchoirm dheireanach don Usual Creamer. Bhí an-oíche ar fad againn.
Míle buíochas do hIníon Uí Choileáin as ucht na hoibre go léir a rinne sí linn.
Scéalta agus Dánta na bPáistí
Rang a hAon
Is cuimhin liom ag tús na bliana, rinne muid smugairle róin le haghaidh ealaín.
Uair amháin bhí cead againn súgradh
sa sneachta.
Tá muid ag iarraidh brat glas
a fháil.
D'fhág Orlaith an scoil ach tháinig Cormac isteach sa rang.
Bhí ceolchoirm againn ar an 20ú Meitheamh.
Chuaigh an rang chuig "Mother Goose" ach ní raibh mé ábalta dul mar bhí mé tinn.
Tá cairde agam agus seo iad a gcuid ainmneacha: Emma, Éabha, Eibhlín, Ádhamh, Caoimhe, Cormac, Kostya, Ben, Órán, Peigí, Jaic, Fíona, Evan, Mikala agus Julie.
Tá mé ag súil go mór le Rang a Dó.
Maedbh Ní Shíocháin (1A)
An Samhradh
An Samhradh atá ann
Tá gach duine ag spraoi
Níl Mamaí sa chistin
Ag obair is ag ní.
Tá mo dheartháir sa ghairdín
ag rith is ag léim
Is mo cholceathrar i Méiriceá
I dtír bhfad i gcéin.
Sibéal Ní Fhágáin (5A)
An Samhradh
Tagann an Samhradh
timpeall gach bliain
Téann na páistí ag súgradh
Amuigh faoin ngrian.
Bíonn an aimsir deas te
Is bíonn muid dóite
ach níl uainn ach
cúpla uachtar reoite.
Rachel Ní Mheilbín (5B)
An Samhradh
Tá an Samhradh ag teacht
Tá mé ar bís,
Anois ní bheidh mé ag féachaint
Ar an teilifís.
Beidh an ghrian ag taitneamh
Beidh mé amuigh gach lá,
Ag rith is ag léim
Beidh sé go breá!
Niall Ó Síocháin (5B)
Ag Fágáil na Scoile
Meitheamh atá ann
An mhí dheirneach ar scoil
Tá mé ag smaoineamh i mo cheann
go mbeidh brón orm bheith ag dul
Ag fágáil mo chairde Jess, Séad is Cáit
Ag rith is ag léim sa chlós is gach áit
Ach níl aon am a bheith ag gol
Mar táim ag bogadh go dtí an mhéanscoil
Ach cóimeádfaidh mé an bhunscoil
i mo chroí go deo
Cé chomh fada is a bheith mé beo
Ach tá sé in am dom an choiscéim a thógáil
Go dtí an mhéanscoil a bhéas muid ag dul.
Róisín Nic Gabhna (6B)
Buíochas
Ba mhaith le Scoil Uí Dhálaigh buíochas a ghabháil le gach duine a thug tacaíocht duinn i mbliana -na tuismitheoirí, Coiste na gCairde agus An Bord Bainistíochta. Tá súil againn go mbeidh Samhradh álainn agaibh go léir.
Thanks
Scoil Uí Dhálaigh would like to thank all those who helped out and supported the school throughout the year. We hope you all have a lovely summer.
<< Ar ais | Ar aghaidh >>