Fáilte | Nuacht | Nuachtlitir na Cásca 2007
Nuacht
Nuachtlitir na Cásca 2007
Cór na n-Óg
Thosaigh Rang a Cúig agus Rang a Sé ag cleachtadh do Chór na n-Óg ar an 20ú Deireadh Fomhair 2006. Tá go leor cleachtadh déanta acu i rith na bliana le hIníon Uí Choileáin. Bhí cúpla cleachtadh acu i Scoil Choca Naofa freisin, áit a bhuail siad le na scoileanna eile sa cheantar atá ag glacadh páirte chomh maith. Tá an-chuid amhráin foghlama acu agus an-chuid oibre curtha isteach acu. Tá siad ag súil go mór leis an gceolchoirm a bhéas ar siúl i dTamhlacht ar an 23ú Aibreán.
Scipeatón
Tá an scoil ag éagrú Scipeatón do pháistí Rang 3-6. Beidh sé ar siúl ar an 19ú Aibreán. Rachaidh an t-airgead are fad chuig Foras Croí na hÉireann. Tá foirmeacha ag na páistí faoi láthair agus tá siad ag bailiú airgid ar son na cúise maithe seo. Míle buíochas do na páistí uilig atá ag glacadh páirte.
Coineartú
Comhghairdeas leis na páistí go léir ó Rang a Cúig agus Rang a Sé a chuaigh faoi lámh Easpaig ar an 14ú Feabhra 2007. Bhí an tseirbhís ar siúl i Léim an Bhradáin. Bhí lá iontach acu uilig.
An Chéad Chomaoineach
Tá daltaí Rang a Dó ag ullmhú dá gCéad Chomaoineach faoi láthair. Beidh sé are siúl ar an 28ú Aibreán 2007.
Lá na nGeansaithe
Bhí lá na ngeansaithe ar siúl sa scoil ar an 23ú Márta 2007. B'iontach na méid geansaithe spóirt a bhí le feiceáil ar fud na scoile. Bhailigh na páistí 650 euro ar an lá, a rachaidh chuig iardhálta Caoimhe Ní Chonchúir atá ag obair go deonach le fundúireacht na Máthar Treasa i gCalcutta.
Tháinig Caoimhe isteach agus labhair sí leis na páistí faoin gcarthanacht agus faoin gcineál oibre a bhéas are siúl aici. Míle buíochas do na páistí ar fad a thug airgead isteach.
Seachtain na Gaeilge
Bhí seachtain iontach ag na páistí uilig sa scoil ón 12ú go 16ú Márta 2007. Ghlac na dáltaí páirt sna himeachtaí agus comórtais a bhí éagraithe ag Iníon Uí Éalaithe do gach rang.
Buaiteoirí na Naíonán
B'álainn na pictiúir a dhathaigh na Naíonáin.
Rang an Mhúinteora Eithne: Emily Birch
Rang Bhean Uí Chionnaith: Cian Mac Eocaidh
Rang an Mhúinteora Neasa: Allison Ní Churráin
Rang Iníon Uí Bheaglaoich: Liam Ó Duinn Ó Braonáin agus Tom Ó Feinneadha
Buaiteoirí Rang a hAon agus Rang a Dó
I gcomórtas Rang a hAon and Rang a Dó scríobh na páistí scéalta agus tharraing siad pictiúir ar "Mo Theidí".
Rang an Mhúinteora Nóirín (1B/2B): Lydia Ní Chonchobhair, Eoin Ó Treasaigh, Clár Cróc agus Marcas Ó Dubháin
Rang Iníon Uí Dhólain (1A): Maedbh Ní Shíocháin agus Jordan Ó Tuathail
Rang an Mhúinteora Gillian (2A): Aoibh Ní Chribín agus Clíodhna Ní Annáin
Buaiteoirí Rang a Trí agus Rang a Ceathair
I Rang a Trí agus Rang a Ceathair tharraing agus dhathaigh na páistí radharc as fhinnscéalta na hÉireann. Bhí siad go léir ar fheabhas agus ba shoiléir an dea-iarracht agus an t-am a chuaigh isteach iontu.
Rang an Mhúinteora Hilary (3B/4B): Laoise Ní Tharráin, Clár Ní Riada agus Calvin Bay
Rang Iníon Uí Laighléis (3A): Clár Nic Liam, Evan Francach, Cathal Ó Maoilste Mag Uidhir agus Lára Ní Bhriain
Rang an Mhúinteora Laura (4A): Bennery Ní Choinne agus Orla Nic Shuibhne
Buaiteoirí Rang a Cúig agus Rang a Sé
I Rang a Cúig agus Rang a Sé ghlac na páistí páirt i "Réalt an Ranga". Chan siad amhráin, sheinn siad uirlisí ceoil agus chum siad dánta agus go leor eile.
Rang an Mhúinteora Karyn (5A): Dáire Pléamonn, Finán Ó Ceallacháin, Rebecca Nic Sheán agus Alanna Nic Giolla Phádraig
Rang an Mhúinteora Paula (5B/6B): Cáit Ní Fhearraigh, Chonchúr Mac Fhearraigh, Niall Ó Síocháin, Eoghan Ó Conghaile, Deirdre Ní Eidhin agus Éanna Ó Gordúin
Rang Iníon Uí Choileáin (6A): Oisín Ó Tarráin, Ailéin Ó Maoldhomhnaigh, Tiarnán Mac Gabhann, Séamus Mac Ádhaimh, Leah Ní Mhaolmhoichéirghe, Ailbhe Ní Mhaolmhoichéirghe agus Hannah Ní Chonchubhair
Buaiteoirí Tráth na gCeist
Ar an Aoine bhí tráth na gceist ar siúl do dháltaí Rang a Cúig agus Rang a Sé. Bhain na páistí an-sult as seo.
Foireann L: Róisín Nic Gabhna, Séana Ní Ghiolláin, Cáit Ní Fhearraigh, Rachel Ní Mhéibhín, Cathal Mac Aodha agus Oisín Ó Tarráin
Foireann N: Dara Mac Giolla Phádraig, Ailéin Ó Maoldhomhnaigh, Tiarnán Mac Gabhann, Áine Nic an Fhraoich, Lauren Ní Cheallaigh
Foireann F: Séad Ní Scannláin, Ceiteach Ó Máirtín, Leah Ní Mhaolmhoicheirghe, Caitríona Ní hAoife agus Eibhlín Ní Mhuirí
Trí Lá Cairdis
Bhí trí lá Cairdis ar siúl i halla na scoile an tseachtain seo. Cuireadh na trí lá seo ar siúl chun aire gach duine sa scoil a dhíriú ar an tábhacht a bhaineann le cairdeas. Bhí tionól ar siúl gach maidin ar feach 20 nóiméad.
Bhí ceachtanna ar siúl sna ranganna gach lá: Ní cóir aon pháiste a fhágáil ar lár. Tá gach duine chomh tábhachtach lena chéile. Caith le daoine faoi mar gur mhaith leat go gcaithfidh siadsan leatsa. Is cineál bulaíochta é páiste nó páistí a imeallú.
Rinne na páistí obair iontach i rith na seachtaine agus tá sé ar taispeáint i halla na scoile. Scríobh na páistí ó Rang a Trí go Rang a Sé dánta agus scéalta i rith na seachtaine. Bhí siad ar fad go hiontach!
Cairdeas
Cairdeas an rud is fearr ar an domhan
Bheinn an-bhrónach gan é bheith ann
Is nasc síoraí é
A thagann chugainn ó Dhé.
Má bhíonn Cairdeas agat
Ní bheidh tú i do aonar sa slua
Mar is rud naofa é Cairdeas
Is ceacht saoil an t-oideachas
Is rud luachmhar é
Níos luachmhara ná ór, creid mé
Coimead é slán is beo
Agus beidh sé agat go deo.
Róisín Nic Gabhna (6B)
Mo Chairde
Is maith liom mo chairde
Tá a fhios agam a lán fúthu
Tosóidh mé anois agus is é sin and dlí!
Mo chairde maithe Fiachra 's Liam
Imríonn liom sacar is bíonn
Fiachra ar an trampóilín.
Cairde eile Eoghan 's Ádhamh
Bíonn Ádhamh ag imirt cleasanna
'S bíonn Eoghan ag snámh.
Céard faoi Glyn 's Jaic
An bheirt sin
Tá Jaic an-tapaidh ach tá
Glyn cliste sa cheann
Mo chairde deireannacha Seosamh 's Conchúr
Imríonn Conchúr peil gaelach sa pháirc
Ach imríonn Seosamh é ar an mbóthar.
Niall Ó Síocháin (5B)
Cairdeas
Cluichí
Ag súgradh
Imríonn muid le chéile
Ritheann muid taobh le taobh
Deas lena chéile
Éisteann muid lena chéile
Aoibhneas
Sásta lena chéile
Blinne Ní Chionnaith
Cairde
Cabhraigí lena chéile le bhur dtoil
Sa pháirc, sa bhaile 's ar scoil
Bí go deas le chéile
Ag Breithlá is ag féile.
Cara eile ná Dia
I gcónaí ag tabhairt dúinn bia
Fad is a mhairimíd beo
Beidh sé ina chara go deo.
Lára Ní Bhriain (3A)
Cairde
Tá cairde deasa agam. Ní fhágaim iad amuigh as aon chluiche. Bím ag súgrach leo gach lá. Ní fhágann siadsan mise amuigh as cluiche ar bith. Tá na cairdre is fearr agam. Cén saghas atá agatsa?
Stiofáinín Ní Dhíolúin (5A)
Scoileanna Glasa
Tá ard mholach tuillte ag gach duine atá ag déanamh sár-iarrachta an bruscar a laghdú sa scoil. Tá monatóireacht ar siúl go laethúil ins na ranganna. Bhuaigh rang an mhúinteora Neasa (96.7% laghdú) i Mí Eanair agus tá rang an mhúinteora Paula tar éis teastas don rang is fearr a fháil i Mí Feabhra. Tá laghdú 100% déanta acu sa rang.
Comórtas Róbó
Bhí ard-chaighdéan le feiceáil sa chomórtas Róbó a bhí againn i Mí Eanáir. Seo iad na buaiteoirí: Clár Ní Bhirín, Erin Ní Bhreacáin, Fiachra Ó Duibheannaigh, Blinne Ní Chionnaith, Orla Nic Shuibhne, Somhairle Ó Conbhuí, Máirtín Ó Neachtain, Eibhlín Ní Mhuirí, Cian Ó Braoin, Caitín Cinnsealach, Seán Ó Cróinín, Jaic de Stafort, Abby Ní Mheachair, Ciarán Ó Connaill Shelley, Nathan Craobhach, Clár Nic Liam, Aoibhinn Ní Rálaigh, Sarah Nic Liam, Cillian Ó hÓgáin, Jodie Ní Bhaoil, Aindriú Ó hÓisín, Daithí Ó Braonáin, Ella Gorm Ní Chadhla agus Emily Birch.
Léirigh an comhlacht drámaíochta Down To Earth dráma faoin dtimpeallacht i halla na scoile ar an 28ú Feabhra 2007 do na páistí uilig sa scoil. Ar an lá céanna tháinig Trevor Sargeant ar cuairt agus labhair sé le cúpla rang faoin bhfeachtas iontach atá ar siúl sa scoil chun an brat glas a fháil.
Míle buíochas arís do gach duine agus don choiste as an ndea-obair atá ar siúl acu.
<< Ar ais