Fáilte | Nuacht
Nuacht
Nuachtlitir na Nollag 2008
Dán
Sneachta
Tá sneachta ag titim
Go trom ón spéir.
Tá sé ag titim
Ón oíche aréir
Tá sneachta ag titim
Ag maisiú an tí.
Tá an Nollaig anseo
Yahú! Yipí!!
Le Éanna Mac Anraí Rang 6A
Cór na nÓg
Tá Ranganna 6A, 6B, 5B agus 5A ag cleachtadh do chór na nÓg faoi láthair.
Ag deireadh na bliana, beimid ag glacadh páirt i gceolchoirm.
Canann cór na nÓg go leor amhráin ar nós ”Dílín ó Deamhas” agus “Daydream Believer”.
Cúpla seachtain ó shin chuamar go dtí Scoil Choca Naofa i gCill Choca. Bhíomar ansin ar feadh an lae.
Bhí scoil eile ansin freisin. Bhaineamar an-taitneamh as.
Ar an aonú lá de mhí na Nollag ghlac muid páirt i séirbhís carúil sa seipéal.
Chanamar Oíche Chiúin, Don oíche úd i mBeithil agus a lán carúl eile. Ba oíche iontach a bhí ann.
Bimid ag cleachtadh gach Luan, Deardaoin agus Aoine.
Tá an cór go hiontach agus baineann gach duine an-sult as.
Le Aoibhinn Ní Rálaigh Rang 5B
Fifth and Sixth class are taking part in the National Children’s Choir again this year, On the 11th of December they participated in a carol service held in the local church. The pupils thoroughly enjoy the choir and practise every Monday, Thursday and Friday in the school hall.
Seachtain na hEolaíochta
D’eagraigh Iníon Uí Laighléis Seachtain na hEolaíochta i Mí na Samhna. Rinne na páistí ceachtanna éagsúla eolaíochta, mar shampla “Rísíní ag damhsa, Oráiste ag snámh agus ag dul faoi, héileacaptar a dhéanamh’’ srl… Thug Iníon Uí Laighléis suaitheanteas eolaíochta do na páistí a rinne an iarracht is mó sna ceachtanna seo. Beidh grianghraifeanna le feiceáil ar an suíomh idirlíon tar éis na Nollag.
Iníon Uí Laighléis orgainsed a Science Week for the pupils of Scoil Uí Dhálaigh in November. Children took part in various experiments . Badges were awarded to pupils in various classes based on participation and effort.
Dráma sa halla
Chuaigh Ranganna NSA, NSB, 1A agus 1B go dtí dráma’ An Gréasaí agus na Sióga’ a bhí ar
siúl i halla na scoile ar an 21ú de Mhí na Samhna . Bhí puipéidí agus daoine sa dráma. Bhí
ceol an-deas ann freisin. Thaitin an dráma go mór linn. Rinne gach duine puipéidí agus bróga
deasa sa rang an lá sin. Tháinig an Múinteoir Sinéad isteach sa rang freisin.
Le Emily Birch Rang 1A
Ranganna NSA, NSB, 1A and 1B attended a drama workshop produced by the drama company “Branar” and sponsored by Coiste Cairde on the 21st of November. Great fun was had by all.
Mrs. Quinn
Tháinig vaein Mrs. Quinn go dtí an scoil ar an 20ú lá de mhí na Samhna. Líonadh an vaein go hiomlán le bráilliní, cuirtíní, bróga srl…Míle buíochas do gach uile dhuine a dheonaigh na hearraí seo.
A big thanks to all everyone who donated clothes, linen, shoes, curtains etc..for Mrs. Quinns charity shop.
Seirbhís carúl na Nollag
Bhain gach a raibh i láthair ag seirbhís carúl Ranganna Naíonán-Rang 2 i halla na scoile agus seirbhís Ranganna 3-6 sa séipéal ar an 19ú/12/08 an-taitneamh astu.
School Carol Services were held in the school hall and the local church on the 19th of December. An enjoyable day was had by all who attended.
Seoladh dlúthcheirnín na scoile
Oíche ar dóigh a bhí ann Dé Luain 1/12/08 nuair a sheol Sean Potts ‘Dúchas agus Dóchas’, dlúthcheirnín na scoile in Óstán Pháírc na Foinse. Rinneadh an taifead in imeacht aon lae amháin i mí an Mheithimh 2008 agus bhí gach rang páirteach ann. Bhí an slua mór a bhí i láthair faoi dhraíocht ag ceoil Sheáin ar an bhfeadóg stáin agus agus ba mhór an onóir don bhanna ceoil seinnt in éineacht leis. Sheinn an banna ceoil go binn bríomar agus thug Diarmaid Ó Raghnaigh cúpla stave uaidh chomh maith. Tá an dlúthcheirnín ar fáil ón scoil ar €15 do cheann amháin, dhá cheann ar €25, trí cinn ar € 40 agus €10 ar gach ceann ina dhiaidh sin.
A most enjoyable evening was had by all on Monday 1/12/08 when Seán Potts launched our school CD, ‘Dúchas agus Dóchas’ in the Springfield Hotel. All classes participated in the recording on the 13th of June 2008. Seán Potts recounted his early years with Ceoltóirí Cualainn and the Chieftains and treated the gathering to some sweet airs on the tin whistle. What a privilege for the banna céilí to have a master play with them! Diarmaid Ó Raghnaigh was in good voice and treated us to two songs. The CD is available from the school 1 for €15, 2 for €25, 3 for €40 and €10 for each subsequent copy.
Cúrsaí spóirt na scoile
Ta an múinteoir Laura i mbun traenála foireann peile na gcailíní faoi láthair. Bíonn an traenáil ar siúl gach uile Chéadaoin 2.30in –3.30in do chailíní Ranganna 3-6.
Cúrsaí Cispheile
Ar an 26ú Samhain bhí cluiche cispheile ag foireann na gcailiní Rang a Sé. D’imríomar go maith sa chéad
leath agus fuaireamar trí chíseán. Sa dara leath níor imir muid chomh maith céanna.Bhí foireann Nás na Ríogh ró-láidir dúinn. Bhí mí-adh orainn an lá sin.
Le Rachel Ní Mhaoileoin agus Danu Nic Gabhann Rang 6A
Cúrsaí peile na mbuachaillí
Bíonn traenáil peile na mbuachaillí ar siúl i bpáirc na scoile gach uile Mháirt I rith an tséasúir le Liam de Londrais.
Peil na mBuachaillí faoi 11
D’imir foireann na mbuachaillí faoi 11 cluiche in aghaidh Rath Daingeán ar an 8/9/08.
Cluiche iontach a bhí ann. Throid muid go dtí an deireadh. Tháinig sár-imirt ó Phól Ó Cromtha,
Niall Ó Muinneog agus Óisín Ó Cathasaigh. Rinne an fhoireann go léir an-iarracht ar fad ach ní
raibh an bua againn. Mí-ádh an t-am seo.
Le Pól Ó Cromtha, Darragh Ó Riain,Laoi Ó Murchú agus Niall Ó Muinneog Rang 5A
Ar an 7/10/08 bhí cluiche eile againn in aghaidh Gaelscoil Chill Dara. Tháinig imirt iontach
ón fhoireann go léir agus bhí sé sóiléir go raibh muid breá láidir ar an lá seo. Chríochnaigh
an cluiche seo ar chomh scór agus bhí orainn imirt in aghaidh na scoile seo arís. Nuair
a d’fhágamar an scoil bhíomar lán de mhúinín. Bhí an bua ag teastáil go géar uainn. Bhí scoth
de himirt le feiceáil uainn sa chéad leath ach cé go ndearna muid ár dícheall go deireadh an
chluiche bhí an bua ag Gaelscoil Chill Dara. Mí-ádh ach beidh Scoil Uí Dhálaigh ar ais san Earrach.
Le Ciarán Mac Gearailt agus Seán Mac an tSaoir Rang 6B
Cúrsaí Iománaíochta na scoile
Bíonn traenáil ar siúl ag Donál Mac an Bhaird gach uile Dhéardaoin i bpáirc na scoile. Beidh foireann na scoile ag glacadh páirt i gCumann na mBunscol tar éis na Nollag.
Cluiche Ceannais Craoibhe Chumann na mBunscol faoi-11 Déardaoin 6/11/08
Chuir foireann Scoil Uí Dhálaigh tús maith leis an gcluiche faoi stiúir chaptaein an lae,
Pól Ó Cromtha, a sheol an sliotar thar an trasnán trí huaire sa chéad 10 nóiméad. Tháinig
Ard Cloch ar ais le cúilín, agus thug siad dúshlán maith dúinn don chuid eile den chéad
leath. Choimeád siad Darrragh Ó Riain gnóthach sa chúl. Cúpla nóiméad isteach sa dara leath
scóráil Cian Ó Breacáin cúl gleoite agus lean Niall Ó Muineog é le cúl íontach cúpla nóiméad
ina dhiaidh sin. Throid Ard Cloch go láidir inár n-aghaidh ach d’éirigh le Laoi Ó Murchú dhá chuilín
agus Seán Ó Sandéar cúilín eile a scóráil ó lár na páirce. Thainig Ard Cloch ar ais le cúilín. Bhí
an bua ag Scoil Uí Dhálaigh le 2:6 in aghaidh 0:2
le Eoin Ó Cuilinn agus Niall Ó Muineog rang 5A
Dánta agus Scéalta na bPáistí
The Snowman
I gotta tell you
I just cannot resist
Making a snowman
In the mist.
Wrap the little snowman
From head to toe
And with his twinkling eyes
Make a starry glow.
This is why I like making snowmen,
It’s my favourite event.
It doesn’t cost any money
Not a single cent.
I gotta tell you
I just cannot resist
Making a snowman
In the mist.
Le Daniel Mac Cárthaigh Rang 2B
An Chéad Nollaig
Chuaigh Muire agus Iósaef chuig Beithil. Nuair a shroich siad an áit, bhí a lán daoine ann.
Bhí sé ag éirí fuar agus bhí Iósaef ag iarraidh áit a fháil le fanacht ann. Chnag Iósaef ar
dhoras óstlann amháin, dúirt sé “An bhfuil áit agat domsa agus do Mhuire?” Dúirt an fear ag
an doras “Níl-Tá brón orm”. Ach dúirt Iósaef le Muire “Tiocfaidh muid ar áit le codladh”.
Chnag sé ar dhoras óstlann eile. Dúirt an fear nach raibh áit aige don bheirt acu ach go raibh
stábla aige. Chuaigh Muire agus Iósaef go dtí an stábla. Bhí an báibín ag Muire agus dúirt sí “Íosa an t-ainm atá air”.
Chuaigh Aingeal chuig na haoirí agus d’inis sí an dea-scéal dóibh. Ansin chuaigh siad chun an leanbh Íosa a fheiceáil.
Le Hannah Hilliard Rang 4A
An Nollaig
Calóga sneachta ag titim go tiubh,
Daoine ag obair ó dhubh go dubh.
Trí aingeal ag teacht anuas ón spéir,
An leanbh Íosa sa mhainséar.
Na réinfhianna agus na síofraí ag obair go dian,
Tá gach uile dhuine sona, tá gach uile dhuine sásta.
Sin é an Nollaig
Nach bhfuil sé go hiontach!
Le Clíona Nic Shuibhne Rang 4B
Beannachtaí na Nollag agus bliain úr faoi mhaiseadh daoibh go léir ó Fhoireann agus Dhaltaí Scoil Uí Dhálaigh.
The staff and pupils of Scoil Uí Dhálaigh would like to wish you all a very merry Christmas and a happy New Year.