Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh

Fáilte | An Gealaraí | XXV Ceolchoirm Sinsireach 2008

An Gealaraí

XXV Ceolchoirm Sinsireach 2008

Chuir múinteoirí agus daltaí Ranganna 3 go 6 ceolchoirm iontach i láthair ar an 19ú Meitheamh 2008. Ba mhuiníneach mar a léirigh Rang a 3A dráma bunaithe ar fhinnscéalta coitianta do pháistí – "Cinnín Óir agus na Trí Bhéar" agus "Cochaillín Dearg". Bhí an lucht éisteachta sna tríthí gáire ag sceitsí Rang 3B/4B bunaithe ar fhrásaí na seachtaine. Ba bhinn a chan Rang 4A "Tá do mhargadh déanta" agus rinneadar rince go fuinniúil. Sheinn rang 4A trí fhonn go foirfe ar a gcuid veidhlíní. Chloisfeá biorán ag titim le linn do Rang 5A ag canadh amhráin ó na scannáin le cabhair ó Spiderman, Spongebob Squarepants, An Pantar Pinc agus roinnt charachtair eile! Chuir Rang 5B/6B radharcanna óna gcuid ceachtanna staire i láthair – "Darwin agus an Tríú Ápa", agus "An Marie Celeste ag dul go tóin poill" ina measc. Ba léir gur rinneadh an-obair ullmhúcháin don cheolchoirm agus tá ard-mholadh ag dul do na h-oidí ranga. Ár mbuíochas don Phríomhoide, Deirdre Ní Dhuillearga a chur an ceolchoirm i láthair agus le Proinsias Ó Faoláin a bhí i mbun fuaime.

Senior Concert 2008
Third to Sixth Classes and their teachers provided a wonderful night's entertainment on 19th June 2008 at the end-of-year concert. Rang 3A confidently performed short plays based on well-known fairy tales "Cinderella" and "Goldilocks and The Three Bears". The house was filled with laughter at Rang 3B/4B sketches based on "phrases of the week". Rang 4A sang a sweet 'Tá do Mhargadh Déanta', almost hit the roof with an energetic dance and played three pieces on violins to perfection. You could hear a pin drop as rang a 5A sang a selection of songs from Hollywood films with appearances from Spiderman, Spongebob Squarepants and the Pink Panther among others! Rang 5B/6B presented improvised episodes from history including "Darwin and The Third Ape" and "The Sinking of the Marie Celeste". Our thanks to Principal, Deirdre Ní Dhuillearga, Mistress of Ceremonies, and to Proinsias Ó Faoláin was in charge of sound.

Preab san aer! (Rang a 4A)

Jump for joy! (Rang a 4A)

"Ná habair liom go ndearna tú dearmad air!" – Rang 3B/4B i mbun sceitse bunaithe ar fhrásaí na seachtaine.

Rang 3B/4B perform a sketch based on the phrase of the week.

"Tá tinneas cinn/boilge/cluaise orm." – Rang 3B/4B i mbun sceitse bunaithe ar fhrásaí na seachtaine.

Rang 3B/4B perform a sketch based on the phrase of the week.

"Cé leis é seo? Is liomsa é." – Rang 3B/4B i mbun sceitse bunaithe ar fhrásaí na seachtaine.

Rang 3B/4B perform a sketch based on the phrase of the week.

"An bhfuil cead agam labhairt le mo chara?" – Rang 3B/4B i mbun sceitse bunaithe ar fhrásaí na seachtaine.

Rang 3B/4B perform a sketch based on the phrase of the week.

Puncaithe Rang 3B/4B.

The Punks of 3B/4B.

An dalta is fearr sa rang! (Rang 3B/4B)

Top of the class! (Rang 3B/4B)

Damhsa chailíní Rang a 6.

Girls from Rang a 6 dancing.

Madonna inár measc! (Rang 6A)

Here's Madonna! (Rang 6A)

Rang 6A ag casadh "Cailín na Gaillimhe".

Rang 6A playing "Galway Girl".

Babhta dornálaíochta. (Rang 3B/4B)

A boxing match (Rang 3B/4B)

A h-AON, a DÓ! Buille sa smig! (Rang 3B/4B)

One-two! Right on the chin! (Rang 3B/4B)

<< Ar ais  |  Ar aghaidh >>

Téigh go phríomhábhair na leathanaigh